Cheartaigh m’iníon óg mé i nGaeilge

Cheartaigh m’iníon óg mé i nGaeilge nuair a bhí mé ag labhairt léi inniu.

Bhí comhrá gearr againn faoin bindealán a bhí orm. “What do you have, daddy? Is that a band aid?” arsa Róisín.

“Is bindealán atá orm. Agus abair: ‘céard atá agam?’” arsa mise. Ní raibh mé ag smaoineamh i gceart áfach.

D’fhéac sí orm. Bhí sí ina tost. Ansin: “céard atá…AGAT?”

Thosaigh mé ag gáire. Dúirt mé léi go raibh sí iontach cliste.

Agus níl sí fós trí bliana d’aois! Tógfaidh sé tamall dul i dtaithí ar seo há há ach táim an-mhórálach.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *